
William O’Dea
William O’Dea (1888-1955)
D Coy 1st Batt. Dublin Brigade
William O’Dea was born on 12th June 1888 in 16 Great Ship Street Dublin and at the time of the Rising lived in Cook Street.
On Easter Monday he assembled with D Coy 1st Batt. Dublin Brigade at St George’s Church, Temple Street then marched to Liberty Hall and continued under the command of Sean Heuston along the south quays to Usher’s Island to the Mendicity Institution. William took part in the fighting on Monday through to mid-day on Wednesday when the garrison surrendered. During this time his father, Laurence O’Dea, was arrested for assisting Peadar Clancy in the Four Courts area. Laurence was taken under escort to Dublin Castle but was later released. He was court-martialled and sentenced to death which was commuted to 3 years penal servitude. He was imprisoned in Portland, Lewes and Pentonville prisons before the General Amnesty in June 1917.
He died in 1955 and his funeral was attended by his first cousin, President Seán T. O’Kelly, who had also been involved in the 1916 Rising and with whom William stayed in regular contact over his whole lifetime. He was interred in Glasnevin Cemetery.
Family Accounts & Memorabilia
William O’Dea (1888-1955)
Complacht D, An Chéad Chathlán, Briogáid Átha Cliath.
Rugadh William O’Dea 12 Meitheamh 1888 i 16 Sráid na gCaorach Mhór, Baile Átha Cliath. Ba chaoladóirí a mhuintir a bhí ina gcónaí i Sráid Sheamlas an Éisc le saoráid táirgthe nó “monarchan” i Sráid San Werburgh le daill ag obair inti. Ag am Dhaonáirimh 1901 bhí sé ina chónaí i 33 Sráid na gCócairí lena thuismitheoirí agus a bheirt deartháir. Bhí sé sa teach céanna i 1916 agus caoladóir ab ea é. Leanúnaí díograiseach de Ghluaiseacht na bhFíníní ab ea a athair, Labhrás. Ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916, shlóg William le Complacht D den Chéad Chathlán, Briogáid Átha Cliath, d’Óglaigh na hÉireann, faoi cheannas Sheán Heuston, ag Séipéal San Seoirse ag Plás Hardwicke agus mháirseáil siad go dtí Halla na Saoirse chun a ordaithe a fháil. Ina dhiaidh sin mháirseáil siad trasna Droichead na Comhdhála, agus síos na céanna ar an taobh ó dheas den Life go dtí Oileán Uiséir. Ag an bpointe sin thug an ceannaire, Seán Heuston, ordú dá fhir dul isteach in Institiúid an Déirceachais agus seilbh a ghabháil uirthi. Thóg Liam páirt sa troid ansin ón Luan go dtí meán lae Dé Céadaoin, 26 Aibreán, nuair a ghéill an Garastún. Máirseáladh Liam, in éineacht lena chomrádaithe, go dtí An Dún Ríoga agus ansin go dtí Príosún Chnoc an Arbhair. Cuireadh cúirteanna airm orthu i ngrúpaí i nDún Richmond, 4 Bealtaine 1916. Bhí William i mbuíon le Patrick Kelly, James Crenigan agus Seán Heuston. Daoradh William chun báis ach laghdaíodh an breithiúnas go dtí pianseirbhís trí bhliain. Cuireadh é go dtí Príosún Chill Mhaighneann agus ansin go Príosún Mhuinseo. Seoladh é go Sasana go dtí Príosún Portland ar feadh tamaill agus ansin go dtí Príosún Lewes. Scaoileadh saor é i Meitheamh 1917 (ó Phríosún Pentonville) faoin Maithiúnas Ginearálta. I 1920 bhog Liam go dtí Sráid Dhoiminic ar an taobh ó thuaidh den chathair agus lean sé lena ghnó caoladóireachta. Bhog sé go dtí Bóthar San Labhrás, Cluain Tarbh i 1932. Le linn na hÉigeandála (Cogadh Domhanda 2) bhí Liam sa 26ú Cathlán Raidhfil (Sean-Óglaigh na hÉireann). Fuair sé bás ina theach i gCluain Tarbh ó ghalar chroí, 10 Márta 1955. Bhí sochraid Liam ar 11 Márta 1955 agus bhí a chol ceathrar, an tUachtarán Seán T Ó Ceallaigh, i láthair. Bhí Liam i dteagmháil le Seán T i rith a shaol agus chabhraigh sé leis aimsir toghchán. Bhí Bratach na dTrí Dhath ar chónra William agus tugadh lán-onóracha míleata dó. Adhlacadh é i Reilig Ghlas Naíon.
Tagairtí:
Rolla Onóra.
Daonáireamh 1901, 1911.
Cuntas ar chúirt airm (Seán Heuston, William O’Dea, Patrick Kelly, James Crenigan), 4 Bealtaine 1916.
Irish Press, 17 Feabhra 1935.
Irish Press, 11 Márta 1955.
Éamonn Mc Hale (garmhac).
Cuntais teaghlaigh agus earraí cuimhneacháin