
William Derrington
William Derrington (1898-1943)
D Coy 1st Batt. Dublin Brigade
William Derrington was born in 1898 and resided at 106 North King Street Dublin. He was a member of D Coy 1st Batt. Dublin Brigade. He mobilised on Easter Monday and went to Liberty Hall. From there he marched with other Volunteers under Commandant Sean Heuston to the Mendicity Institution where they occupied that post. Armed with a rifle he fired on Military going towards the Four Courts. On Tuesday he was sent by Commandant Heuston to the G.P.O. to bring some reinforcements and ammunition to the Mendicity. He brought the Fingal men back to the Mendicity. On the Wednesday afternoon the Mendicity surrendered and he was taken to Arbour Hill. He was sentenced to 2 years hard labour and on the 24th of May he was handed over to Military escort for conveyance to Wormwood Scrubs and then later transferred to Lewes Jail.
He was released in March 1917 and rejoined his Company and continued active service until the Truce came. He took no further action. William was a carpenter by trade.
William Derrington died on 18th of February 1943. His last known place of residence was Earlsdon Coventry.
Family Accounts & Memorabilia
William Derrington (1898-1943)
Complacht D, An Chéad Chathlán, Briogáid Átha Cliath.
Rugadh William Derrington i 1898. Bhí sé ina chónaí i 106 Sráid an Rí Thuaidh, Baile Átha Cliath. Siúinéir ab ea é. Ba bhall é de Chomplacht D, An Chéad Chathlán, Briogáid Átha Cliath. Shlóg sé Luan na Cásca, 24 Aibreán 1916, agus chuaigh sé go dtí Halla na Saoirse. Mháirseáil sé ó shin leis an gCaptaen Seán Heuston agus Óglaigh eile go dtí Institiúid an Déirceachais ar Oileán Uiséir agus ghabh siad seilbh uirthi. Scaoil sé ar Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath a bhí ag dul ón Dún Ríoga (a bhí ar an taobh eile den Life), i dtreo na gCeithre Chúirteanna. Sheol Heuston é go dtí Ard-Oifig an Phoist ar an Máirt, 25 Aibreán, chun armlón agus Óglaigh athneartacha a fháil. Threoraigh sé buíon óglaigh as an 5ú Cathlán (Fine Gall) ar ais go dtí an Institiúid. Nuair a ghéill an Garastún ar an gCéadaoin, 26 Aibreán, tógadh é go dtí Príosún Chnoc an Arbhair. Cuireadh pionós 2 bhliain i dteannta daoroibre air agus ar an 24 Bealtaine seoladh é, faoi choimhdeacht mhíleata, go Príosún Wormwood Scrubs, Londan, Sasana agus, níos déanaí, go dtí Príosún Lewes, Sussex Thoir, Sasana. Scaoileadh é i Márta 1917 agus chuaigh sé ar ais lena Chomplacht agus bhí sé gníomhach i gCogadh na Saoirse go dtí an Sos Cogaidh in Iúil 1921. Ní raibh baint aige le cúrsaí míleata ina dhiaidh sin. Fuair sé bás 18 Feabhra 1943. Is é Earlsdon, Coventry, Sasana, an áit cónaithe deireanach atá luaite leis.
Tagairtí:
Rolla Onóra.
Daonáireamh 1911.
Clár Ginearálta na bPríosúnach 1916.
Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata: MSP34REF40124.
Cuntais teaghlaigh agus earraí cuimhneacháin