
William Meehan
William Meehan (1886-1975)
Lusk Coy 5th Batt. Dublin Brigade (known as Fingal Brigade)
William Meehan was born in 1886 and resided at 40 Great Commons Lusk. He joined the Irish Volunteers in 1913 at the inception. He became a member of the Lusk Coy 5th Batt. Dublin Brigade. He mobilised on Monday of Easter week and was sent to the G.P.O. on Tuesday by Thomas Ashe O/C 5th Batt. following orders from James Connolly to Ashe to send Volunteers to Dublin to augment garrisons in the city. From the G.P.O. he was sent to Ushers Island to defend the Mendicity Institute under the command of Commandant Sean Heuston of D Coy, 1st Batt. Dublin Brigade. When the Mendicity garrison surrendered on Wednesday of Easter week he was taken through the Royal Barracks (now Collins Barracks) and lodged in the gymnasium in Arbour Hill Prison to await court-martial. He was court-martialled at Richmond Barracks and then taken to Kilmainham Gaol to await the verdict. He was sentenced to death commuted to 3 years penal servitude. Once sentence was passed he was moved to Mountjoy to await transportation to Britain. On the 11th May 1916 he was handed over to Military Escort for conveyance to Portland Prison and later transferred to Lewes.
He was released in June 1917 and rejoined the Lusk Coy 5th Batt. He continued active service until he was forced out of action due to an accident in March 1921. William was a shoe-maker by trade.
William Meehan died on 22nd of July 1975 and is buried in Glasnevin Cemetery.
Family Accounts & Memorabilia
William Meehan (1886-1975)
Complacht Lusca, 5ú Cathlán, Briogáid Átha Cliath
Rugadh William Meehan i 1886. Bhí cónaí air i 40 An Coimín Mór, Lusca. Gréasaí bróg ab ea é. Chláraigh sé in Óglaigh na hÉireann nuair a bunaíodh é i 1913. Bhí sé ina bhall de Chomplacht Lusca, 5ú Cathlán, Briogáid Átha Cliath. Shlóg sé maidin Luan na Cásca, 24 Aibreán 1916. An lá dár gcionn sheol Tomás Ághas, Oifigeach i gCeannas an 5ú Cathlán, é go dtí Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath do réir ordú ó Shéamas Ó Conghaile fir a sheoladh go dtí BÁC chun na garastúin sa chathair a neartú. Cuireadh é ón Ard-Oifig go hOileán Uiséir chun cabhrú le Seán Heuston, agus fir eile as Complacht D, An Chéad Chathlán, Briogáid Átha Cliath, Institiúid an Déirceachais a chosaint. Nuair a ghéill Heuston agus an Garastún ar an gCéadaoin, 26 Aibreán, tógadh iad ar dtús go dtí An Dún Ríoga (Dún Uí Choileáin anois) agus ansin go dtí Príosún Chnoc an Arbhair. Cuireadh cúirt airm air i nDún Richmond agus tógadh é go dtí Príosún Chill Mhaighneann chun feitheamh ar an mbreith. Daoradh chun báis é ach laghdaíodh an bhreith go 3 bhliain i dteannta daoroibre. Seoladh é go dtí Príosún Mhuinseo agus ar an 11ú Bealtaine cuireadh é faoi choimhdeacht mhíleata go dtí Príosún Portland, Sasana, agus, níos déanaí, go dtí Príosún Lewes, Sussex Thoir, Sasana. Scaoileadh saor é i Meitheamh 1917 agus chuaigh sé ar ais i gComplacht Lusca. Bhí sé gníomhach leo go dtí go raibh air éirí as an troid tar éis timpiste i Márta 1921. Fuair sé bás 22 Iúil 1975 agus tá sé curtha i Reilig Naomh Mac Cullin, Lusca.
Tagairtí:
Rolla Onóra.
Daonáireamh 1911.
Clár Ginearálta na bPríosúnach 1916.
Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata: MSP34REF11744.
Cuntais teaghlaigh agus earraí cuimhneacháin