
James Wilson
James Wilson (1899-1967)
Swords Coy, 5th Batt. Dublin Brigade (known as Fingal Brigade)
James was born in 1899 and resided at 1, Balheary Swords. He mobilised on Easter Monday with the Swords Coy and later that day proceeded to Finglas where the Brigade dug trenches overlooking the Main Dublin Road. They camped in the open that night and on Tuesday morning a dispatch arrived at the camp from James Connolly with instructions for Thomas Ashe O/C of the Brigade to send 40 men to the G.P.O. to augment garrisons in the city centre. This was more than half the men Ashe had at his disposal so he chose to send only 20. This same dispatch also instructed Ashe to take such action as he might find possible with the remainder of his Brigade to create a diversion outside the city. James was one of the party chosen to go to the city and subsequently to the Mendicity Institution. When the Mendicity garrison surrendered on the Wednesday he was taken prisoner and court-martialled in Richmond Barracks. He was sentenced to 2 years hard labour and handed over to Military escort for conveyance to Wormwood Scrubs on 24th May 1916. He was also imprisoned in Pentonville and Lewes.
He was released in June 1917 and rejoined the Swords Coy of the 5th Batt. He continued on active service throughout the War of Independence and following the Truce and subsequent Treaty he joined the National Forces.
James Wilson died on the 23rd of October 1967. He is buried in St. Colmcilles Cemetery Swords.
Family Accounts & Memorabilia
James Wilson (1899-1967)
Complacht Shoird, 5ú Cathlán, Briogáid Átha Cliath
Rugadh James i 1899 agus bhí cónaí air ag 1 Baile Anraí, Sord. Shlóg sé Luan Cásca, 24 Aibreán 1916, le Complacht Shoird agus chuaigh sé go dtí Fionnghlas níos déanaí sa lá, áit a raibh trinsí os cionn an Phríomhbhóthair go dtí Baile Átha Cliath tochailte ag an mBriogáid. Bhunaigh siad campa faoin spéir don oíche sin agus an mhaidin dár gcionn tháinig teachtaireacht chucu ó Shéamas Ó Conghaile le hordú do Thomás Ághas, An tOifigeach i gCeannas Bhriogáid Fhine Ghall, 40 Óglach a sheoladh go dtí Ard-Oifig an Phoist chun na garastúin i lár na cathrach a neartú. Bhí níos lú ná ochtó Óglach ag an tÁghasach agus mar sin shocraigh sé gan ach 20 fear a sheoladh go dtí Ard-Oifig an Phoist. Thug Ó Conghaile ordú don Ághasach freisin aon bheart agus ab fhéidir leis a dhéanamh leis an gcuid eile dá Bhriogáid chun inlíochtaí mheabhail a chruthú taobh amuigh den chathair. Bhí James i measc an fhichead a cuireadh go dtí Ard-Oifig an Phoist ar an Máirt. Seoladh e ansin go dtí Institiúid an Déirceachais. Nuair a ghéill an Garastún ar an gCéadaoin tógadh é ina phríosúnach agus cuireadh cúirt airm air i nDún Richmond. Gearradh dhá bhliain i dteannta daoroibre air. Ar 24 Bealtaine 1916 seoladh é faoi choimhdeacht mhíleata go dtí Príosún Wormwood Scrubs i Sasana. Scaoileadh saor é in Iúil 1916 agus chuaigh se ar ais i gComplacht Shoird, 5ú Cathlán. Bhí sé ar fiannas le linn Cogadh na Saoirse go dtí an Sos Cogaidh. Níos déanaí, tar ar eis an Chonartha, chláraigh sé san Arm Náisiúnta (Arm an tSaorstáit). Cailleadh James Wilson 23 Deireadh Fómhair 1967. Adhlacadh é i Reilig Naomh Colmcille, Sord.
Tagairtí:
Rolla Onóra.
Daonáireamh 1911.
Clár Ginearálta na bPríosúnach 1916.
Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata: 24SP11568.
Cuntais teaghlaigh agus earraí cuimhneacháin