
Richard Coleman was aged 10 at the time of the 1901 Census and resided at 66 Main Street Swords. He was a member of the Swords Coy 5th Batt. Dublin Brigade. He mobilised on Easter Monday at Knocksedan Bridge approx. 2 miles from Swords. Here the Swords and Lusk Coy’s met and proceeded to Finglas under the command of Commandant Thomas Ashe. On Tuesday Ashe chose 20 men to go to the G.P.O. including Richard who led them in to the city. He was then sent to the Mendicity Institution on Ushers Island and remained there until the surrender on Wednesday. He was court-martialled and sentenced to death commuted to 7 years penal servitude. He was handed over to Military escort for conveyance to Dartmoor Prison on the 17th of May 1916 then later transferred to Lewes Prison.
He was released in June 1917 and rejoined his Company. He was rearrested shortly after release and took part in the Hunger Strike which claimed the life of Commandant Thomas Ashe. He was home for a short period following release when he was arrested again in a general sweep of Sinn Fein members on the so called “German Plot” charge, believed by the Volunteers and Sinn Fein to be a rouse to scupper the up and coming Elections of 1918. Richard was sent to Usk Prison in Wales where he became ill when an epidemic of influenza broke out and he then developed pneumonia.
Richard Coleman died on the 9th of December 1918 he is buried at Glasnevin Cemetery.
Risteard Ó Colmáin: (timpeall 1890-1918)
De réir an Daonáirimh bhí Risteard Ó Colmáin 10 mbliana d’aois i 1901 agus é ina chónaí i 66 An tSráid Mhór, Sord. Bhí aon duine dhéag sa chlann agus bhí baint ag an chuid is mó acu le Conradh na Gaeilge. Ba mhúinteoir a athair. D’fhreastail Risteard ar Scoil Náisiúnta Shoird i dtús agus ansin rothaigh sé gach lá go dtí Scoil Uí Chonaill, Sráid Richmond Thuaidh, Baile Átha Cliath. Bhí spéis aige nuair a bhí sé óg dul don tsagartacht ach fuair sé post nuair a bhí sé 19 mbliana d’aois mar chléireach iarnróid i nGaillimh. Chláraigh sé in Ord Ársa na nIbeirneach ansin agus níos déanaí i Sinn Féin. D’fhill sé ar BÁC dhá bhliain ina dhiaidh sin chun bheith ina mBráthair Críostaí. Ach níor thug sé a phroifisiún mar ní raibh sé sásta dearbhú a shíneadh ag gealladh nach ndéanfadh sé iarracht bheith ina shagart níos déanaí. Tar éis tamaill bheag mar chléireach iarnróid sa Chabhán agus ag obair i gColáiste na nÍosánach, Baile an Mhuilinn, Raghnallach, fuair sé post mar ghníomhaire do Chomhlacht Stuamachta Árachais (Prudential Insurance Company) i Sord. Nuair a tháinig Tomás Mac Donnchadha go dtí Sord in Aibreán 1914 chláraigh Risteard in Óglaigh na hÉireann, Complacht Shoird, 5ú Cathlán, Briogáid Átha Cliath.
Bhí an Complacht ar pharáid Domhnach Cásca, 23 Aibreán 1916, i mBaile an tSásaraigh ach cuireadh abhaile iad ag 10 pm. Shlóg siad arís Luan Cásca, ag Droichead Chnoc Siáin, timpeall 2 mhíle ó Sord, agus chuaigh siad agus Complacht Lusca go dtí Fionnghlas faoi cheannas An Ceannfort Tomás Ághas. Ar an Máirt sheol An tÁghasach 20 fear, faoi cheannas Risteaird, go dtí Ard-Oifig an Phoist sa Phríomhchathair. Sheol Séamas Ó Conghaile 14 acu, faoi cheannas Risteaird agus le Seán Mac Lochlann mar threoraí, go dtí Institiúid an Déirceachais ar Oileán Uiséir. Chuaigh siad siar suas Sráid na Mainistreach go dtí Sráid Chéipil, trasna na sráide timpeall an mhargaidh go dtí Lána Mhuire thar bharacáid agus anonn i dtreo Margadh na Feirme ag trasnú baracáide eile ar Shráid an Teampaill. Thrasnaigh siad an Life agus shiúil siad chomh fada le Sráid Bhun Droichid ar na Céanna Theas. Bhí orthu teacht ar an Institiúid trí na lánaí cúla. Ghabh siad saighdiúir Briotanach a bhí ar meisce ar a slí. D’fhan Risteard san Institiúid go dtí an lá dár gcionn nuair a ghéill an Garastún. Cuireadh cúirt airm air agus daoradh chun báis é ach laghdaíodh an bhreith go 7 mbliana i dteannta daoroibre. Ar 17 Bealtaine 1916 seoladh é go dtí Príosún Dartmoor, Devon, Sasana, faoi choimhdeacht mhíleata. Bhí sé i ngaibhniú aonair ansin. Cuireadh é chuig Príosún Lewes, East Sussex, Sasana, níos déanaí. Scaoileadh saor é i Meitheamh 1917 agus chuaigh sé ar ais lena Chomplacht. Cuireadh é i bPríosún Muinseo go gairid ina dhiaidh sin agus bhí sé páirteach sa Stailc Ocrais ina bhfuair Tomás Ághas bás. Scaoileadh saor Risteard ach tar éis tamaill sa bhaile gabhadh arís é i locadh forleathan de bhaill Shinn Féin de dheasca “an Chomhcheilg Ghearmánach”. Chreid na hÓglaigh agus Sinn Féin gur chum na Sasanaigh an “chomhcheilg” chun leithscéal a thabhairt dóibh cuir isteach ar stocaireacht Shinn Féin d’Olltoghchán 1918. Seoladh Risteard go dtí Príosún Usk sa Bhreatain Bheag. Buaileadh tinn san eipidéim den fhliú agus fuair sé bás den niúmóine. Cailleadh Risteard Ó Colmáin 9 Nollaig 1918 agus tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon in uaigh in aice Thomáis Ághas.
Tagairtí:
Rolla Onóra.
Daonáireamh 1901.
Clár Ginearálta na bPríosúnach 1916.
Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata: M.S.P.C. 1D15.
Beathaisnéis Richard Coleman lena mhac, Risteard Ó Colmáin, ESB Journal, Aibreán 1965.
Risteard Ó Colmáin, Memories of 1916, Swords Voices, 3 (2): 21-27.

If you have any other Richard Coleman memorabilia you wish to share, please Email us, and we will upload that information to this page.