
Edward Roach
Edward Roach (1898-1963)
D Coy, 1st Batt. Dublin Brigade
Edward Roach was born in 1898 and resided at 32 Albert Place Dublin. He was a member of D Coy 1st Batt. Dublin Brigade. From Holy Friday to the Easter Sunday he was on duty collecting ammunition. He mobilised on Easter Monday at the Temple and followed his Coy who had by this time seized the Mendicity Institution in charge of Commandant Sean Heuston. On Monday evening he was sent to the G.P. O. with a dispatch from Heuston to Pearse returning on the Tuesday morning with another dispatch from Pearse to Heuston. When the Mendicity garrison surrendered on the Wednesday of Easter week he was taken prisoner and court-martialled at Richmond Barracks. He was sentenced to 2 years hard labour with 1 year remitted. On the 24th of May 1916 he was handed over to Military escort for conveyance to Wormwood Scrubs and later transferred to Lewes Prison.
He was released from Lewes in February 1917 on account of his age. He rejoined his Company after release and continued on active service up to the Truce in July 1921. He had been employed with Messrs Guinness prior to the Rising but was dismissed on account of his activities during Easter week.
Edward Roach died on the 21st of February 1963.
Family Accounts & Memorabilia
Edward Roach (1898-1963)
Éadbhard de Róiste: (1898-1963)
Complacht D, An Chéad Chathlán, Briogáid Átha Cliath. Rolla Onóra.
Rugadh Éadbhard de Róiste i 1898. Bhí cónaí air i 32 Plás Ailbhe, Baile Átha Cliath. Ba bhall é de Chomplacht D, An Chéad Chathlán, Briogáid Átha Cliath. Bhí sé ar dualgas ó Aoine an Chéasta, 21 Aibreán 1916 go dtí Domhnach Cásca ag bailiú armlóin. Shlóg sé ar Luan Cásca ag Séipéil San Seoirse, Sráid Temple agus lean sé a chomplacht, a bhí, faoin am seo, tar éis Institiúid an Déirceachais a ghabháil faoi cheannas Sheáin Heuston. Tráthnóna Dé Luain seoladh é go dtí Ard-Oifig an Phoist le teachtaireacht ó Heuston don bPiarsach agus d’fhill sé maidin Dé Máirt leis an bhfreagra. Nuair a ghéill garastún Heuston ar Chéadaoin na Cásca, 26 Aibreán, tógadh é mar phríosúnach agus cuireadh é faoi chúirt airm i nDún Richmond. Gearradh 2 bhliain i dteannta daoroibre air, laghdaithe do bhliain amháin. Ar an 24 Bealtaine 1916 cuireadh é chuig Príosún Wormwood Scrubs, Londan, Sasana, agus níos déanaí d’aistríodh é go dtí Príosún Lewes, Sussex Thoir, Sasana. Scaoileadh saor é i bhFeabhra 1917 de bharr a óige. Chuaigh sé ar ais ina Chomplacht agus bhí sé gníomhach i gCogadh na Saoirse go dtí an Sos Cogaidh in Iúil 1921. Bhí sé ag obair le Muintir Guinness roimh an Éirí Amach ach cuireadh chun bóthair é toisc an bhaint a bhí aige leis na hÓglaigh, Seachtain na Cásca. Fuair Éadbhard de Róiste bás ar an 21ú Feabhra 1963.
Tagairtí:
Rolla Onóra.
Daonáireamh 1901.
Clár Ginearálta na bPríosúnach 1916.
Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata: MSP34REF22407.
Cuntais teaghlaigh agus earraí cuimhneacháin