Patrick Kelly was born in 1896 and resided at 5 Corduff Lusk. A member of Lusk Coy 5th Batt. Dublin Brigade he joined the Irish Volunteers in 1914 when a Company was established in Lusk and took part in the Howth gun running of the same year. He was a neighbour of Thomas Ashe who lived at 7 Corduff Lusk. He mobilised on Easter Monday near the Old Hall on the Green in Lusk locally known as the Band Room. The Lusk Coy caught up with the main Swords body near Finglas and camped in Finglas on Monday night. Patrick was on guard that night at the camp when Commandant Ashe gave him a dispatch to take to Pearse in the G.P.O. He took another back to the camp from Pearse. Later that night a column of 20 men were sent to destroy the railway at Ashtown to check the free entry of troop trains from the Curragh to the City. On Tuesday a dispatch arrived at the camp from Connolly to Thomas Ashe instructing him to send reinforcements to the city. Patrick Kelly was one of the 20 men chosen to go to the G.P.O. From there 13 of the Fingal men were charged with reinforcing the Mendicity Institution under Commandant Sean Heuston. The Mendicity garrison surrendered on the Wednesday of Easter Week whereupon he was taken prisoner and marched to the Royal Barracks (now Collins Barracks) and lodged in Arbour Hill Prison until his court-martial at Richmond Barracks. He was removed to Kilmainham while awaiting the Verdict. He was sentenced to death which was commuted to 3 years penal servitude. He was then taken to Mountjoy and on 30th May 1916 he was handed over to Military Escort for conveyance to Dartmoor Prison. He was later transferred to Lewes Prison and then Maidstone.
He was released through Pentonville in June 1917. He rejoined his unit and continued on active service during the War of Independence. His two older brothers Matthew and Joseph remained with the Lusk Coy during Easter Week and fought at the battle of Ashbourne under Commandant Thomas Ashe. Patrick was a cycle mechanic and later became an electrician and had two shops on the Square in Lusk.
Patrick Kelly died on the 28th of March 1945 and is buried at St. MacCullins Cemetery Lusk Co. Dublin.
Rugadh Patrick Kelly i 1896 agus bhí sé ina chónaí i 5 An Chorr Dhubh, Lusca. Chláraigh sé le hÓglaigh na hÉireann i 1914 nuair a bunaíodh Complacht Lusca, 5ú Cathlán, Briogáid Átha Cliath agus bhí páirt aige i dTabhairt i dTír na nGunnaí i mBinn Éadair sa bhliain chéanna. Ba chomharsa é de Thomás Ághas a bhí ina chónaí i 7 An Chorr Dhubh, Lusca. Shlóg Patrick Luan Cásca, 24 Aibreán 1916, cóngarach don Sean Halla (“Seomra an Bhanna”) ar an bhFaiche i Lusca. Bhuail Complacht Lusca le Complacht Shoird cóngarach le Fionnghlas agus champáil siad ansin thar oíche. Bhí Patrick ar dualgas garda sa champa nuair a thug An Ceannaire Ághas teachtaireacht dó le tabhairt chuig Pádraig Mac Piarais in Ard-Oifig an Phoist sa Phríomhchathair. Nuair a d’fhill sé ón gcathair bhí teachtaireacht ón bPiarsach leis. Níos déanaí san oíche seoladh 20 fear ón gcampa go dtí Cill Dhéagláin chun an t-iarnród ansin a scrios chun bac a chur ar thraein iompartha trúpaí ón gCurrach go dtí an chathair. Tháinig teachtaireacht ó Shéamas Ó Conghaile go Tomás Ághas ar an Máirt ag iarraidh air fórsaí athneartacha a sheoladh go dtí an Phríomhchathair. Roghnaíodh Patrick Kelly i measc an 20 fear a cuireadh go dtí Ard-Oifig an Phoist. Seoladh 13 acu siúd go dtí Institiúid an Déirceachais, Oileán Uiséir, chun cabhrú leis na hÓglaigh ansin faoi cheannas An Cheannaire Sheáin Heuston. Ghéill an Garastún ar an gCéadaoin agus tógadh iad go dtí An Dún Ríoga (Dún Uí Choileáin anois) agus ansin cuireadh i bPríosún Chnoc an Arbhair roimh chúirt airm a chur orthu i nDún Richmond. Daoradh Patrick chun báis ach laghdaíodh an phianbhreith go 3 bliana i dteannta daoroibre. Chaith sé tamaill i bPríosún Chill Mhaighneann agus i bPríosún Mhuinseo sular seoladh é go dtí Príosún Dartmoor, Devon, Sasana, ar an 30ú Bealtaine 1916. Chaith sé tamaill i bPríosún Lewes, East Sussex, Sasana, agus ansin i bPríosún Maidstone, Kent, Sasana. Scaoileadh saor é trí Phríosún Pentonville, Londan, Sasana i Meitheamh 1917. Chuaigh sé ar ais lena Chomplacht agus bhí sé gníomhach leo i rith Cogadh na Saoirse. Throid a bheirt deartháir, Matthew agus Joseph, a bhí níos sinne ná Patrick, le Complacht Lusca i gCath Chill Dhéagláin Seachtain na Cásca. Ba mheicneoir rothaíochta é Patrick. Bhí sé ina leictreoir níos déanaí. Bhí dhá shiopa aige sa Chearnóg, Lusca. Cailleadh Patrick Kelly 28 Márta 1945 agus tá sé curtha i Reilig Naomh Mac Cullin i Lusca, Co Átha Cliath.
If you have any Patrick Kelly memorabilia you wish to share, please Email us, and we will upload that information to this page.