
Sean McLoughlin
Sean McLoughlin (1895-1960)
G Coy 1st Batt. Dublin Brigade
Sean McLoughlin was born in 1895. He was a member of G Coy 1st Batt. Dublin Brigade and of the 7th Sluagh Dublin Batt. Fianna Eireann. He joined the Irish Volunteers in 1913 and formed a Company at Father Matthew Hall on Church Street later moving to North Brunswick Street. Following the split in the Volunteers he and the remainder of his Company joined up with G Company at Blackhall Street. Easter Monday between 5am and 6am he went to Liberty Hall with Sean Heuston and delivered dispatches. At around 12 noon he fell in and marched with D Coy under Commandant Sean Heuston to the Mendicity Institution on Ushers Island. He was sent with a dispatch to the G.P.O. on Tuesday and managed to get back safely. He was sent out again on Wednesday this time with Paddy Joe Stephenson to bring back food for the garrison however while they were in the G.P.O. the Mendicity garrison surrendered. They then reported to Ned Daly in the Four Courts garrison and remained there that night. On Thursday he went out on some errands and returned to the Four Courts to get Paddy Joe and they reported to Commandant James Connolly in the G.P.O. and told him of the fate of the Mendicity. When the time came to evacuate the G.P.O. he served as officer in command of forces retreating from the G.P.O. to Moore Street. He became known as the boy Commander. Following the surrender at Moore Street he was imprisoned in Knutsford and later Frongoch in Wales until released in December 1916.
After his release he was involved in the reorganisation of Fianna Eireann. Following a period of ill health he moved to England in late 1920/early 1921.
Sean McLoughlin died on the 13th of February 1960 in Sheffield Yorkshire.
Family Accounts & Memorabilia
Sean McLoughlin (1895-1960)
Complacht G, An Chéad Chathlán, Briogáid Átha Cliath. Rolla Onóra
Rugadh Seán McLoughlin 2 Meitheamh 1895. Chláraigh sé le Conradh na Gaeilge agus Na Fianna Éireann (7ú Slua, Cathlán Átha Cliath) i 1910. Bhunaigh sé Complacht d’Óglaigh na hÉireann ag Halla an Athar Maitiú, Sráid an Teampaill, i 1913. Bhog siad go dtí Sráid Brunswick Thuaidh níos déanaí agus chumaisc siad le Complacht G, An Chéad Chathlán, Briogáid Átha Cliath, ag Sráid Blackhall nuair a scoilt na hÓglaigh i Meán Fómhair 1914. Idir 5 am agus 6 am Luan Cásca, 24 Aibreán 1916, chuaigh McLoughlin go dtí Halla na Saoirse le Seán Heuston agus chaith sé tamaill ag déanamh teachtaireachtaí. Timpeall 11.30 am mháirseáil sé leis an gCeannfort Heuston agus Óglaigh ó Chomplacht D go dtí Institiúid an Déirceachais, Oileán Uiséir. Cuireadh é go dtí Ard-Oifig an Phoist (AOP) ar an Máirt le teachtaireacht agus d’éirigh leis filleadh go Heuston go sábháilte. Seoladh amach arís é ar an gCéadaoin in éineacht le Paddy Joe Stephenson chun bia a fháil don Gharastún ach ghéill Heuston sular shroich an bheirt an Institiúid arís. D’fhan siad thar oíche le Ned Daly sna Ceithre Cúirteanna. Ar an Déardaoin chuaigh McLoughlin ar ais go dtí AOP le Paddy Joe chun scéal ghéilleadh Heuston a insint. Thug an Conghaileach dea-thuairim dó agus chuir sé é i gceannas 30 fear le hordú oifigí “The Independent” a ghabháil, rud a rinne sé. D’fhan McLoughlin ann thar oíche agus d’fhill sé ar AOP ar an Aoine. Bhí an áit ina cíor thuathail faoi dhian-ionsaí agus faoi thine. Choinnigh McLoughlin guaim air féin agus d’éirigh leis an suaimhneas a fheiceáil faoi réim arís. Oíche Aoine, ar moladh ón gConghaileach agus ó Mhac Diarmada, rinne an Piarsach Cheannfort-Ghinearál de McLoughlin agus thug sé ordú dó éalú ón áit a eagrú. Tugadh an t-ainm “An Ceannfort Óg”air. Bheartaigh McLoughlin ar phlean contúirteach agus bhí sé réidh, Satharn, 29 Aibreán, é a chur i bhfeidhm ach tháinig teachtaireacht ón bPiarsach (i gCeanncheathrú nua i 16 Sráid an Mhúraigh faoi seo) go raibh siad chun géilleadh “chun tuilleadh sléachta ar an bpobal sibhialta a chosc…”. Bhí díomá ar McLoughlin. Mháirseáil sé lena fhir in ord míleata agus ag iompar a ngunnaí dílódáilte ina lámha go dtí áit an ghéillte ar Shráid Uí Chonaill, rud a chur fearg ar An Ghinearál Lowe. Cuireadh é i bPríosún Knutsford, Sasana agus, níos déanaí, i Frongoch, sa Bhreatain Bheag. Scaoileadh saor é i Nollaig 1916. Ar ais in Éirinn bhí páirt aige in atheagrú Na Fianna Éireann. Bhog sé go dtí Sasana ag deireadh 1920 nó i dtús 1921, tar éis tréimhse dhrochshláinte. Cailleadh Seán McLoughlin 13 Feabhra 1960 i Sheffield, Yorkshire. Faraor, ní raibh mórán sna nuachtáin in Éirinn ag an am faoina bhás.
Tagairtí:
Rolla Onóra.
Daonáireamh 1911.
Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata: M.S.P.C. MSP34REF61056.
Biúró na Staire Míleata: B.M.H. W.S.290.
“Paddy Joe” le Jim Stephenson.
McGuire, Charlie, History Ireland 14.2, Márta-Aibreán 2016.
Cuntais teaghlaigh agus earraí cuimhneacháin