
Peter Wilson
Peter Wilson (1890-1973)
Swords Coy, 5th Batt. Dublin Brigade (known as Fingal Brigade)
Peter was born in 1890 and resided at Balheary Swords. He joined the Irish Volunteers in 1914 and became part of the Swords Coy 5th Batt. Dublin Brigade. He mobilised on Easter Monday at Knocksedan Bridge approx. 2 miles East of Swords. From here he went to Finglas where the Brigade camped in the open for the night and on Tuesday he was sent to the G.P.O. and from there to the Mendicity Institution in charge of Commandant Sean Heuston. Following the surrender on the Wednesday he was taken to Arbour Hill and subsequently court-martialled at Richmond Barracks. He was then taken to Kilmainham jail to await the finding and verdict. He was found guilty and sentenced to death. This was later commuted to 3 years penal servitude. Following the verdict he was lodged in Mountjoy jail until on the 11th of May 1916 he was handed over to Military Escort for conveyance to Portland Prison. He was later transferred to Wormwood Scrubs and again back to Portland before being processed for released in June 1917 through Pentonville Prison in London.
On his release he rejoined his Company and continued on active service up to the Truce of July 1921. He took no further part after the Truce.
Peter Wilson died on the 18th of February 1973 and is buried at St. Columbas Cemetery Swords.
Family Accounts & Memorabilia
Peter Wilson (1890-1973)
Complacht Shoird, 5ú Cathlán, Briogáid Átha Cliath. Rolla Onóra.
Rugadh Peter Wilson i 1890 agus bhí sé ina chónaí ag Baile Anraí, Sord. Chláraigh sé le hÓglaigh na hÉireann i 1914 agus bhí sé ina bhall de Chomplacht Shoird, 5ú Cathlán, Briogáid Átha Cliath. Shlóg sé Luan Cásca, 24 Aibreán 1916, ag Droichead Chnoc Siáin, beagnach dhá mhíle taobh thoir de Sord. Chuaigh sé ón áit sin go dtí Fionnghlas mar a champáil na hÓglaigh faoin spéir don oíche. Seoladh é chuig Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath ar an Máirt agus ansin go dtí Institiúid an Déirceachais a bhí i lámha Sheáin Heuston agus Óglaigh ón gCéad Chathlán. Tar éis géillte an Gharastúin ar an gCéadaoin, 26 Aibreán, tógadh é go dtí Príosún Chnoc an Arbhair agus, ina dhiaidh sin, cuireadh é faoi chúirt airm i nDún Richmond. Daoradh chun báis é, ach laghdaíodh an phianbhreith go 3 bhliain pianseirbhís. Chaith sé tamall i bPríosún Chill Mhaighneann agus ansin i bPríosún Mhuinseo. Ar 11 Bealtaine 1916 seoladh é, faoi choimhdeacht mhíleata, go dtí Príosún Portland, Dorset, Sasana. Cuireadh é go dtí Príosún Wormwood Scrubs, Londan, níos déanaí, ansin ar ais go dtí Príosún Portland sular scaoileadh saor é trí Phríosún Pentonville, Londan, i Meitheamh 1917. Chuaigh sé ar ais lena Chomplacht agus bhí sé ar fiannas go dtí an Sos Cogaidh in Iúil 1921. Ní raibh sé gníomhach go míleata ina dhiaidh sin. Cailleadh Peter Wilson 18 Feabhra 1973 agus tá sé curtha i Reilig Naomh Colm Cille, Sord.
Tagairtí:
Rolla Onóra:
Daonáireamh 1911.
Clár Ginearálta na bPríosúnach 1916.
Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata: M.S.P.C. MSP34REF1481.
Cuntais teaghlaigh agus earraí cuimhneacháin