
James Crenigan
James Crenigan (1900-1974)
Swords Coy, 5th Batt. Dublin Brigade (known as Fingal Brigade)
James Crenigan was born in 1900 and resided at 3 Roganstown Swords. He joined the Irish Volunteers in 1914. On Easter Monday the Fingal Brigade were camped at Finglas where trenches were dug in the high banks overlooking the Main Road. They slept in the open that night. On Tuesday morning he was one of the party of twenty sent to the G.P.O. and from there thirteen Fingal men were fell in and preceded by a guide and in the charge of Captain Richard Coleman were guided to the Mendicity Institution. Following the surrender of the Mendicity garrison he was taken to Arbour Hill and remained in the gym there until court-martialled at Richmond Barracks. He was sentenced to two years hard labour mitigated to one year on account of his age. After the finding of the court-martial he was moved to Mountjoy where he learned from one of his Fingal comrades Frank Lawless that his brother John Crenigan had been killed at the battle of Ashbourne. From Mountjoy, on 24th May he was handed over to Military escort for conveyance to Wormwood Scrubs and later transferred to Lewes.
He was released after nine months imprisonment. He was an apprentice mechanic and agricultural labourer.
James Crenigan died on the 13th of August 1974 and is buried at St Colmcilles Cemetery, Swords.
Family Accounts & Memorabilia
James Crenigan (1900-1974)
Complacht Shoird, 5ú Cathlán, Briogáid Átha Cliath
Rugadh James Crenigan i 1900 agus bhí cónaí air ag 3 Baile Uí Rócháin, Sord. Ba mheicneoir phrintíseach agus sclábhaí talmhaíochta é. Chláraigh sé in Óglaigh na hÉireann i 1914. Ar Luan na Cásca, 24 Aibreán 1916, bhí Briogáid Fhine Gall ar champáil i bhFionnghlas, áit inar thochail siad trinsí sna bruacha arda os cionn an Phríomhbhóthair. Chodail siad faoin spéir an oíche sin. Maidin Mháirt bhí James mar bhall d’aonad d’fhiche fhear a sheoladh go dtí Ard-Oifig an Phoist. Threoraigh Seán McLoughlin 13 acu, faoi cheannas An Chaptaein Richard Coleman, ó sin go dtí Institiúid an Déirceachais. Nuair a ghéill an Garastún an lá dár gcionn tógadh James go dtí Príosún Chnoc an Arbhair. Ansin cuireadh cúirt airm air i nDún Richmond. Ghearradh dhá bhliain i dteannta daoroibre laghdaithe go bliain amháin de bharr a aois. Bogadh é go dtí Príosún Mhuinseo, áit ar inis Frank Lawless, comrádaí ó Fhine Gall, dó gur maraíodh a dheartháir, John, ag Cath Bhaile Ághais, Co Átha Cliath. Ar an 24 Bealtaine cuireadh faoi choimhdeacht mhíleata é go dtí Príosún Wormwood Scrubs Sasana, agus, níos déanaí, bogadh é go dtí Príosún Lewes, Sussex Thoir, Sasana. Scaoileadh saor é tar éis 9 mí i bpríosún. Cailleadh é 13 Lúnasa 1974 agus tá sé curtha i reilig Naomh Colmcille, Sord.
Tagairtí:
Rolla Onóra.
Daonáireamh 1911.
Clár Ginearálta na bPríosúnach 1916.
Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata: 24SP6186.
Biúró na Staire Míleata: W.S. 148.
Cuntais teaghlaigh agus earraí cuimhneacháin